An Seinnteoir Raidió

An Seinnteoir Raidió Free App

Rated 4.88/5 (40) —  Free Android application by Irish Radioplayer

Advertisements

About An Seinnteoir Raidió

Don chéad uair riamh, tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann á dtabhairt le chéile in aon láthair amháin ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Forbartha ag RTÉ i gcomhar leis an IBI, is féidir teacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte in aon láthair amháin, chomh maith le podchraoltaí agus cláracha ar éilimh i nGaeilge.

Chomh maith leis na seirbhísí Gaeilge ar fad bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin, le comhéadan i nGaeilge, is féidir teacht freisin ar stáisiúin uile eile na hÉireann, is cuma Gaeilge nó Béarla.

Oibríonn An Seinnteoir Raidió thar cionn le gléasanna Android agus tá Mód an Chairr agus Amadóir Codlata ann freisin. Go bunúsach, is í an aip raidió is fearr ar domhan í!

Scrolláil trí na stáisiúin raidió atá molta duitse, féach céard atá ar fáil go háitiúil nó céard atá ag treochtáil, agus sábháil go héasca na stáisiúin agus na cláracha is fearr leat.

Tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann le fáil ar do Android, is cuma más seirbhísí náisiúnta nó pobail atá i gceist, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil siad lonnaithe. Is é seo an chéad uair RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin.

Is comhpháirtíocht idir RTÉ agus Independent Broadcasters of Ireland (IBI) é An Seinnteoir Raidió, agus é d’fheidhm ag an tseirbhís raidió i nGaeilge a chur ar fáil ar an mbealach is éasca d’éisteoirí. Tá RTÉ ag tacú go láidir leis an togra, mar chuid de Phlean Gnímh Meáin Ghaeilge RTÉ, agus ag tabhairt san áireamh go gcuireann an eagraíocht seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil.

Tugann an IBI san áireamh UTV (a fheidhmíonn FM104, Q102, C103, Cork’s 96FM, Galway Bay FM, WLRFM, Live 95FM agus LMFM), agus Communicorp (a fheidhmíonn Newstalk, Today FM, TX FM, Spin 103.8 agus Spin Southwest).

I measc na stáisiún eile de chuid an IBI atá ar an Seinnteoir Raidió, tá Beat, Clare FM, Classic Hits 4fm, East Coast Radio, Highland Radio, iRadio, KCLR 96FM, Kfm, Midlands 103, Midwest Radio, Northern Sound, Ocean FM, Radio Kerry, Radio Nova, Red FM, Shannonside 104, South East Radio, Sunshine agus Tipp FM.

How to Download / Install

Download and install An Seinnteoir Raidió version 3.8.259.53 on your Android device!
Downloaded 500+ times, content rating: Everyone
Android package: ie.radioplayer.ga.android, download An Seinnteoir Raidió.apk

All Application Badges

Free
downl.
Android
4.1+
For everyone
Android app

App History & Updates

Version update An Seinnteoir Raidió was updated to version 3.8.259.53
More downloads  An Seinnteoir Raidió reached 500 - 1 000 downloads

What are users saying about An Seinnteoir Raidió

J70%
by J####:

Tá sé go han-mhaith

W70%
by W####:

Uirlis iontach is ea An Seinnteoir, maith sibh, bím-se ag éisteacht leis na stáisiúin go minic!!

K70%
by K####:

App and áis go han-mhaith ar fad. Bím ag éisteacht gach lá

H70%
by H####:

App den scotch, iontach ar fad

K70%
by K####:

Iontach

X70%
by X####:

An aip anseo agus bím-se ag éisteacht le RnaG air i gcónaí. Grma!

K70%
by K####:

Is breá liom an seinnteoir seo :)

K70%
by K####:

Helping me a great deal in picking up on my Irish again. FLAWLESS!

O70%
by O####:

Iontach!

K70%
by K####:

Gaeilge

K70%
by K####:

Le meas, nach bhfuil na stáisiúin seo go léir ar fáil in san aip TuneIn Radio theanna? (É sin ráite, tá sé tugtha faoi ndeara agam nach bhfuil Raidió na dTreabh air)

L70%
by L####:

Is uirlis iontach é, go raibh maith agaibh.

I70%
by I####:

Níl fadhb ar bith agam leis. Faigh é!

N70%
by N####:

Gura míle maith agaibh.

E70%
by E####:

Ar fheabhas!

N70%
by N####:

Tharr am!

A70%
by A####:

Iontach!


Share The Word!


Rating Distribution

RATING
4.95
40 users

5

4

3

2

1